Cineál | pobal |
---|---|
Tíreolaíocht | |
Stáit | Éire Ghaelach |
Dream in Éirinn ná meánaoise ab ea na Cruithne (Meán-Ghaeilge Cruithnig nó Cruithni, Sean-Ghaeilge Cruthin).
Bhíodh lár a dtailte suite i gcúige Uladh, agus d'fhaigheadh cuid díobh i gContaetha Aontroma, an Dúin agus Doire an lae inniu. Deirtear go raibh cónaí orthu i gcúige Laighean agus cúige Chonnacht.
Bhíodh roinnt túath ag na Cruithne, san áireamh an Dál nAraidi as Aontroim agus muintir Uí Eachach Cobha as an Dún. I luathfhoinsí, faightear idirdhealú idir na Cruithne agus na hUlaid.[1] Maítear i luathghinealaigh gur Cruithne iad dís na Loígis, a bhfuil Contae Laoise ainmnithe as, agus na Soghain as cúigí Laighean agus Connacht.[2]
Is ionann a n-ainm agus Priteni, ainm ársa ar Cheiltigh na Breataine, agus a luaití scaití dosna Cruithnigh.[3] Níltear ar aon intinn i measc scoláirí, ámh, cén gaill i ndáiríre a bhí ann idir na Cruithne, na Briotanaigh agus na Cruithnigh.
Faoin bhliain AD 773, faightear sna hannála an t-ainm Dál nAraidi de rogha ar 'Cruithne'.[3]