An Bhreatain Bheag | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cymru (cy) | |||||
|
|||||
Aintiún | Hen Wlad Fy Nhadau | ||||
Mana | «Cymru am byth!» «Wales Forever!» «Long live Wales» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Príomhchathair | Caerdydd | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 3,131,640 (2022) | ||||
• Dlús | 147.59 hab./km² | ||||
Déamainm | Breatnach | ||||
Teanga oifigiúil | an Bhreatnais Béarla | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Na náisiúin Cheilteacha | ||||
Achar dromchla | 21,218 km² | ||||
Pointe is airde | Yr Wyddfa (1,085 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 5 haois | ||||
Éarlamh | Naomh Dáibhí | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Breataine Bige | ||||
Comhlacht reachtach | Tionól Náisiúnta na Breataine Bige | ||||
• Monarc na Ríochta Aontaithe | Séarlas, Prionsa na Breataine Bige | ||||
• Céad-Aire na Breataine Bige | Eluned Morgan (2024–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 85,400,000,000 £ (2022) | ||||
Airgeadra | punt steirling | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .wales agus .cymru | ||||
Cód ISO 3166-2 | GB-WLS | ||||
Cód NUTS | UKL |
Tír atá suite ar iarthar oileáin na Breataine í an Bhreatain Bheag nó Cymru sa mBreatnais. Tá dhá phríomhtheanga ann: an Béarla agus an Bhreatnais (ar a dtugtar freisin an Chomraig[1]); agus sa Bhreatnais tugann muintir na tíre Cymru (fuaimnítear mar "comraí", leis an mbéim ar an gcéad siolla) ar a dtír agus Cymraeg (fuaimnítear mar "comráidhg", leis an mbéim ar an dara shiolla) ar a dteanga. Wales agus Welsh a deirtear i mBéarla. Tá Breatnais ag 20% den daonra, agus úsáideann suas le 10% an teanga ar bhonn rialta.
Tá 3,125,000 duine ina gcónaí sa tír, dar le meastachán de chuid rialtais na Breataine Bige ó Mhí Iúil 2017.[2] Is é Caerdydd (Cardiff as Béarla) príomhchathair na tíre. I ndeisceart na tíre atá formhór an daonra, mar go ndeachaigh sé ar aghaidh leis an Réabhlóid Thionsclaíoch, mar gheall ar an ngual agus iarainn a fuarthas ann, agus mar gheall ar na calafoirt bhreátha atá sna bailte móra. Tá na trí chathair is mó, Caerdydd, Abertawe (Swansea) agus Casnewydd (Newport), suite i ndeisceart na tíre.