Gwynedd | |||||
---|---|---|---|---|---|
Mana | «Cadernid Gwynedd» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | an Bhreatain Bheag | ||||
Príomhchathair | Caernarfon | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 124,560 (2019) | ||||
• Dlús | 49.14 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 2,534.9252 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Bá Caernarfon, Muir Bhreatan agus Bá Ceredigion | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1 Aibreán 1974 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód ISO 3166-2 | GB-GWN | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gwynedd.llyw.cymru |
Contae is ea Gwynedd in iarthuaisceart na Breataine Bige, a bhfuair a ainm ón sean-ríocht Teyrnas Gwynedd. Cé go bhfuil sé sa dara háit is mó i dtéarmaí limistéar geografach, tá sé freisin ar cheann de na dúiche is lú daoine. Labhraíonn tromlach den daonra an Bhreatnais (ar a dtugtar freisin Comraig[1]).
Is anseo atá Prifysgol Bangor (Gaeilge: Ollscoil Bangor) lonnaithe agus tá an leithinis álainn Penrhyn Llŷn mar chuid de, agus an chuid is mó den Pharc Cenedlaethol Eryri (Gaeilge: Páirce Náisiúnta Eryri).
Úsáidtear an t-ainm Gwynedd freisin i gcomhair chontae bhuanaithe, a chlúdaíonn Ynys Môn chomh maith leis an chontae reatha. Go cultúrtha agus go stairiúil, is féidir an t-ainm a úsáid freisin ar son an chuid is mó de Thuaisceart na Breataine Bige (mar shampla, an limistéar atá clúdaithe ag Chonstáblacht Gwynedd), arbh ionann é agus an fhairsinge ba mhó dá raibh riamh i dTeyrnas Gwynedd.
De réir staidéir an stáit sa bhliain 2018, tá Breatnais ag 76.8% de dhaonra Gwynedd a bhí ar a laghad 3 bhliain d'aois ag an am.[2]