Foirm cheoil | amhrán náisiúnta |
---|---|
Sámpla ceoil | |
Tonúlacht | mórghléas E-maol |
Cumadóir | Iago ap Ieuan |
Leabhrógaí | Evan James |
Liriceoir | Evan James |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Bhreatnais |
Dáta a bunaíodh | Eanáir 1856 |
Céadléiriú | |
Amhrán náisiúnta na Breataine Bige is ea Hen Wlad fy Nhadau (Gaeilge: Seantír m'aithreacha) . Ba é Ieuan ap Iago nó Evan James (1809-1878) a scríobh na focail, agus chum a mhac Iago ap Ieuan nó James James (1833-1902) an fonn i mí Eanáir 1856. Bhí an bheirt ina gcónaí i Pontypridd. Fíodóir agus file ab ea an mac, agus ba chruitire é an t-athair.
Is cosúil gur scríobhadh na liricí mar fhreagra ar chuireadh ón bhfile a fuair sé óna dheartháir teacht isteach leis sna Stáit Aontaithe, áit a raibh an oiread sin Breatnaigh na linne ag lorg domhan níos fearr, agus gur dearbhú sé san amhrán go bhfuil áit bhreithe an fhile (is é sin ‘Hen Wlad fy Nhadau’) maith go leor dó. Tugadh ‘Glan Rhondda’ air, mar is ar bhruach na habhann, de réir an tseanchais, a tháinig an fonn go meon an chumadóra.‘
Sheinn amhránaí áitiúil, Elizabeth John, an t-amhrán, nó ‘Glan Rhondda’ mar a tugadh air ag an am sin, den chéad uair sa bheistríi i Chapel Tabor, Maesteg i mí Eanáir nó Feabhra 1856. Cuireadh an t-amhrán i gcló i bhfoirm bailéad, agus tháinig an-tóir ar an amhrán ar fud an cheantair. Bhain sé clú agus cáil amach ag Eisteddfod Llangollen, 1858, tar éis do Llewelyn Alaw (Thomas David Llewelyn) (1828–79) o Aberdâr comórtas a bhuachan a bhí ag iarraidh cnuasach foinn Bhreatnaise neamhfhoilsith. Mar sin féin, níor cuireadh na liricí i leith Ieuan agus Iago.
Mhéadaigh an tóir a bhí ar an amhrán tar éis Eisteddfod Llangollen, sa bhliain 1858. Bhuaigh Thomas Llewelyn as Aberdâr comórtas do chnuasach neamhfhoilsithe d’fhoinn Bhreatnaise le cnuasach a chuimsigh “Glan Rhondda”. D’iarr moltóir an chomórtais, “Owain Alaw” (1821–83) cead “Glan Rhondda” a chur san áireamh ina fhoilseachán, Gems of Welsh Melody (1860–64). Thug an t-imleabhar seo an teideal is cáiliúla ar "Glan Rhondda", "Hen Wlad Fy Nhadau", agus díoladh i gcainníochtaí móra é agus chinntigh go raibh an-tóir ar an amhrán ar fud na Breataine Bige ar fad.