Rac-cheol

Dealbh Rory Gallagher, Béal Átha Seanaidh
Dealbh Phil Lynott, BÁC
The Last Waltz, The Band, 1976, ag casadh I Shall Be Released le Garth Hudson (organ), Ringo Starr (drums), Levon Helm (drums) agus ag seasamh Dr. John, Neil Diamond, Joni Mitchell (i bhfolach), Neil Young, Rick Danko (Bass), Van Morrison, Bob Dylan (guitar), Eric Clapton, srl

Seánra ceoil is ea racrac-cheol, a thosaigh amach mar rac is roll i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1950idí. Thosaigh sé mar stíl shimplí ceoil le buille láidir damhsa is úsáid an ghiotáir leictrigh. D'fhás sé as ceolta tuaithe agus go príomha as rithim is gormacha, stíl a bhíodh ag ceoltóirí gorma amháin, beagnach, go dtí sin.

Baintear úsáid as uirlisí éagsúla - an giotár leictreach, dordghiotár agus drumaí ach go háirithe. Uirlisí eile a baintear úsáid as ná an pianó, an t-orgán agus an t-sintéiseoir. De ghnáth, bíonn cúl-bhuille láidir le cloisteáil i rac-cheol.

Ba iad Bill Haley, Elvis Presley is Chuck Berry na príomhcheoltóirí a chuir an rac chun cinn ag an am. Le forbairtí leictreonacha bhí raidiónna, teilifíseáin is gramafóin athsheinnte céirníní ag éirí an-choitianta, agus bhí an ceol seo dírithe ar an aos óg, ag éirí an-choitianta ina measc, fiú mar chomhartha reibiliún na ndéagóirí.

Sna 1960idí tháinig Bob Dylan, Jimi Hendrix, na Beatles is na Rolling Stones ar an bhfód, agus leathnaigh ilghnéitheacht an rac.

Tá tuilleadh iarmhairtí is forbairtí teicniúla tagtha i bhfeidhm air agus raon an-leathan ionstraimí leictreonacha in úsáid. De réir a chéile d'éirigh fo-ranna mar chrua-rac is punc-rac, le difríochtaí sonracha, ní amháin sa cheol ach sna héadaí, an stíl bheatha is an fhógraíocht chlóbhuailte is físe.[1]

Is ionann rac-cheol agus rac is roll. Bhíodh rac agus roll níos faiseanta sna 1950idí, ach thosaigh na bannaí móra sna 1960idí ag tabhairt an téarma rac-cheol orthu féin. Inniu, is téarma ginearálta é rac-cheol, a chlúdaíonn go leor foth-sheánraí éagsúla.

  1. Hussey, Matt (2011). "Freamh an Eolais" Coiscéim. 

Developed by StudentB