Eolaí a rugadh gar d'Uppsala na Sualainne ab ea Svante August Arrhenius (19 Feabhra 1859 – 2 Deireadh Fómhair 1927). Rinne sé taighde bunúsach ar rátaí imoibrithe ceimiceacha, agus shaothraigh sé teoiric an díthiomsúcháin leictrealaíoch. Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1903 as an saothar seo. I 1905, bhí sé ina stiúrthóir ar an Institiúid Nobel, áit a d'fhan sé go dtí a bhás. .[1]
Arrhenius an chéad duine a bhain úsáid as prionsabail na ceimice fisiciúla chun meastachán a dhéanamh ar a mhéid a bhíonn méaduithe ar an dé-ocsaíd charbóin atmaisféarach freagrach as teocht dromchla an Domhain ag méadú. Bhí ról tábhachtach ag a chuid oibre maidir le teacht chun cinn na heolaíochta aeráide nua-aimseartha.[2] Sna 1960idí, léirigh Charles David Keeling gur leor méid na n-astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin isteach san aer de bharr an duine chun téamh domhanda a chruthú.[3]
Ainmníodh 'cothromóid Arrhenius', 'aigéad Arrhenius', 'bonn Arrhenius', an cráitéar gealaí 'Arrhenius', an cráitéar Marsach 'Arrhenius',[4] an sliabh 'Arrheniusfjellet' , agus 'Saotharlanna Arrhenius' in Ollscoil Stócólm chun comóradh a dhéanamh ar a chuid ranníocaíochtaí leis an eolaíocht.