Cineál | nuachtán laethúil agus nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | Béarla |
Am tosaigh | 29 Márta 1859 |
Bunaitheoir(í) | Lawrence E. Knox |
Áit a fhoilsithe | Baile Átha Cliath |
Tréith | |
Formáid nuachtáin | mórbhileog |
Idé-eolaíocht | liobrálachas |
Aitheantóirí | |
ISSN | 0791-5144 |
Suíomh | irishtimes.com |
Nuachtán mórbhileoige Éireannach is ea The Irish Times a bunaíodh ar an 29 Márta 1859. Is é Ruadhán Mac Cormaic an t-eagarthóir ó 2022 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Paul O'Neill (2017–2022) agus Kevin O'Sullivan (2011–2017).
Meastar go ginearálta go bhfuil claonadh liobrálach daonlathach sóisialach ag an nuachtán; mar chomparáid, deirtear go bhfuil an Irish Independent ar an eite dheis ó thaobh na heacnamaíochta agus cosmhuintireachais de. Bhí The Irish Times ar son fheachtas Mháire Mhic Róibín chun a bheith Uachtarán na hÉireann, agus ar son athchóirithe dlí in Éirinn maidir le cúrsaí colscartha, frithghiniúna agus ginmhillte.